top of page

Fáilte go dtí Ógras!
Is ógeagraíocht Ghaeilge do dhaoine óga ó 7-17 bliain d’aois é Ógras. Cuirimid réimse leathan seirbhísí agus gníomhaíochtaí óige ar fáil lena n-áirítear Clubanna, Campaí, Turais, Tionscadail, Ceardlanna, Malartuithe Idirnáisiúnta agus go leor eile, trí Ghaeilge. Tá dhá aoisghrúpa i gceist sna clubanna: Óg-Ógras do pháistí idir 7-12 bhliain d'aois agus Ógras do dhéagóirí idir 12-17 bliana d'aois. Táimid tiomanta dár n-aidhm chun spás sábháilte, oiliúnach, dearfach a chur ar fáil do dhaoine óga inar féidir leo cairde a dhéanamh agus spraoi a bheith acu trí Ghaeilge, ag cabhrú leo ina bhforbairt phearsanta agus lena ngrá a chothú do chultúr agus teanga na hÉireann, dá bpiaraí agus dóibh féin.
Coinnígí slán!
bottom of page