A Chairde, tá súil againn go bhfuil ag éirí go maith le gach éinne agus go bhfuil sibh slán sábháilte.
Tá cabhair agus moltaí do dhaoine óga ar fáil thíos
Ní neart go cur le chéile.
Tacaíocht Breise
De dheasca na paindéime, tá oifigí Ógras dúnta faoi láthair agus táimid ag cloí le treoirlínte an Rialtais ó thaobh scaradh sóisialta, lámha a nigh go minic, gan an teach a fhágáil ach amháin nuair atá sé riachtanach, srl. Ar ndóigh táimid tar éis a bheith orainn neart athraithe agus athchóirithe a dhéanamh ó thaobh clubanna agus campaí de, agus coimeádfaidh muid suas chun dáta sibh anseo agus ar na meáin shóisialta mar a athraíonn rudaí.
Tá ár bhfoireann fós ag obair ó bhaile, agus táimid ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do bhaill, do cheannairí agus do thuismitheoirí. Táimid ag fanacht gníomhach ar Facebook, Instagram agus Twitter, agus tá neart smaointe againn chun fanacht gníomhach sa bhaile, ina measc clubanna fíorúla ar líne, tráth na gceist, ranganna teagaisc, agus níos mó.
Lean muid ar na meáin shóisialta agus tar i dteagmháil linn má tá aon cheist agat faoi Ógras nó moltaí agat dúinn:
Tabhair aire, agus guíonn foireann Ógras gach rath agus gach buíochas ar na hoibrithe ar an líne thosaigh -
Míle Buíochas a Chairde.