top of page

Athchúrsáil a dhéanamh ar phlaisteach bhog

Nuacht iontach dhearfach an tseachtain seo a chairde - táimid in ann athchúrsáil a dhéanamh ar phlaisteach bhog lenár ndramhaíl phlaisteach chrua!!

Mar is eol daoibh tá Ógras an-dírithe ar chúrsaí timpeallachta agus táimid de thiar ag déanamh ár ndícheall chun difríocht bheag nó mór a dhéanamh inár gcuid oibre agus go pearsanta.

Mar chuid den Tionscnamh Ceartas Aeráide 2020 rinne muid bileog faoi Éicibrící (ogras.ie/aeraid) a chur le chéile agus a scaipeadh ar gach ball Ógras sa tír faoi phlaisteach agus slite maithe chun athearraíocht a bhaint as a roinnt, conas Éicibríce a dhéanamh i gceart srl., agus ar ndóigh tá luach leis sin fós agus ba chóir dúinn a bheith mionchúiseach agus muid ag déanamh athchúrsáil ar phlaisteach bhog sa bhaile fós freisin.



Bí cinnte go bhfuil do phlaisteach bog nó crua glan, tirim agus in-athchúrsáilte roimh é a chaitheamh amach, agus ar ndóigh fan coinsiasach faoi d'úsáid phlaisteach agus déan iarracht é a ghearradh síos in aon dul síos.

Beir bua agus déan do chuid don phláinéad a chairde

 
 
 

Comments


Logo DceDiy.png
Lógó Ógras 2021.png

Uimhir chláraithe charthanais

20204025 - CHY 22409

Cuideachta Theoranta gan Scairchaipiteal #638154

lotto.jpg
logo Foras na Gaeilge.jpg
bottom of page